Customer Deals Limited

Place Ad

Can’t find what you are looking for?
Click here: Category Index

TAR AG OBAIR LINN! COMHAR NAÍONRAÍ NA GAELTACHTA CEANNASAÍ AIRGEADAIS AGUS RIOSCA LE COMHAR NAÍONRAÍ

Jobs > Situations Vacant / Galway (Age 18 days) | 129 views

<< Back to Last Page
Job Category Miscellaneous

Additional Info:

Tar ag obair linn! Comhar Naíonraí na Gaeltachta
CEANNASAÍ AIRGEADAIS AGUS RIOSCA
LE COMHAR NAÍONRAÍ NA GAELTACHTA

Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta (CNNG) ag lorg iarrthóirí do phost mar Cheannasaí Airgeadais agus Riosca leis an eagraíocht. Beidh an té a cheapfar freagrach as bainistiú, comhordú agus ceannasaíocht iomlán a dhéanamh ar chúrsaí
airgeadais na heagraíochta.

Ní mór d’iarrthóirí taithí ar chórais airgeadais chomh maith le taithí agus cáilíocht sa réimse airgeadais.

Tá cáilíocht phroifi siúnta cuntasaíochta nó cáilíochta ábhartha tríú leibhéil sa réimse airgeadais/gnó riachtanach don phost seo.

Ní mór d’iarrthóirí Gaeilge líofa agus ardchaighdeán Gaeilge scríofa a bheith acu.

Is post lánaimseartha é seo, ag obair ó Luan go hAoine. Beidh an té a cheapfar lonnaithe sa bpríomhoifi g ar an gCeathrú Rua.

Is post ag grád Príomh Oifigeach Cúnta atá ag dul leis an bpost seo agus socrófar tuarastal agus coinníollacha pá leis an té a cheapfar. Tá tuilleadh eolais agus dualgais an phoist le fáil ar shuíomh idirlín na comhlachta: www.cnng.ie

Seol litir iarratais mar aon le CV ar ríomhphost amháin chuig: Bainisteoir Achmhainní Daonna CNNG roimh an 29/08/2025. Seoladh ríomhphost: foluntas@cnng.ie

Ba choir sonraí teagmhála do bheirt mholtóirí a sholáthar i d’iarratas.

Is fostóir chomhdheiseanna is ea Comhar Naíonraí na Gaeltachta.

Aonad 3D,
Páirc Gnó na
Ceathrún Rua,
Co. na
Gaillimhe
H91 Y0R2
Déan teagmháil linn:
091- 595-337 www.cnng.ie foluntas@cnng.ie

Contact

Message: