Job Type |
Contract |
Recruiter Type |
Employer |
Additional Info:
Folúntas: Oifi geach Forbartha (Connacht/Laighean)
*Beidh painéal d’Oifi gigh Forbartha á chur le chéile freisin
Tá post mar Oifi geach Forbartha (Connacht/Laighean) á thairiscint ag
Tuismitheoirí na Gaeltachta i nGaeltacht na Gaillimhe agus na Mí. Beidh painéal d’Oifi gigh Forbartha á chur le chéile freisin, do na folúntais a bheidh san eagraíocht amach anseo.
Cuireann Tuismitheoirí na Gaeltachta cúnamh agus tacaíocht ar fáil do theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge sa Ghaeltacht nó ar mian leo a leithéid a dhéanamh.
Bíonn suas le trí Limistéar Pleanála Teanga faoi chúram an Oifi gigh Fobartha agus bíonn siad freagrach as seirbhísí, imeachtaí, ócáidí agus scéimeanna
Thuismitheoirí na Gaeltachta a eagrú agus a fhorbairt sna ceantair sin. D’fhéadfadh an duine a cheapfar a bheith lonnaithe in oifi g na heagraíochta ar
an gCeathrú Rua nó i suíomh oibre lárnach eile sa cheantar ina mbeidh siad ag feidhmiú.
Tá tuarastal an Oifi gigh Forbartha bunaithe ar scála pá d’Oifi geach Feidhmiúcháin sa tSeirbhís Phoiblí (€37,919 – €61,216). Beidh an post á thairiscint ag bun an scála.
Tá tuilleadh eolais faoin bpost seo agus conas iarratas a dhéanamh ag www.tuismitheoiri.ie
Dáta deireanach d’iarratais: 1.00in Dé hAoine 12 Meán Fómhair 2025.
Is fostóir comhdheiseanna é Tuismitheoirí na Gaeltachta.