Ar mhaith leat difríocht a dhéanamh? Tá post poiblí ann chuige sin. Iniúchóir Inmheánach Dátheangach (Ardoifi geach Feidhmiúcháin) sa Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta
Cuireann an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta (RFTPG) forbairt tuaithe agus phobail agus an Ghaeilge chun cinn. Tugann siad tacaíocht do phobail bheoga, ionchuimsitheacha agus inbhuanaithe ar fud na hÉireann agus leagtar béim ar acmhainneacht phobail agus aontacht shóisialta a neartú agus ar chabhair a thabhairt maidir le pobail a chumasú chun gur féidir leo dul i ngleic le dúshláin atá rompu faoi láthair agus a bheidh rompu amach anseo.
Ról ar aon chéim le grád an Ardoifi gigh Feidhmiúcháin, grád ag leibhéal na meánbhainistíochta sa Státseirbhís, is ea ról an Iniúchóra Inmheánaigh Dhátheangaigh. Beidh ar an Iniúchóir Inmheánach ról tábhachtach a ghlacadh in athbhreithniú na bpróiseas rialaithe inmheánach sa Roinn chun cabhrú leis an Roinn a nósanna imeachta a fheabhsú.
Ní mór d’iarrthóirí a n-éiríonn leo a bheith ina mbaill cháilithe d’Institiúid na nIniúchóirí Inmheánacha nó a bheith ina mbaill iomlána nó a bheith i dteideal a bheith ina mbaill iomlána (i.e. pas faighte sna scrúduithe deiridh) d’fhoras cuntasaíochta forordaithe ar a ndéanann Údarás Maoirseachta Iniúchta agus Cuntasaíochta na hÉireann (ÚMICÉ) maoirseacht agus bliain, ar a laghad, de thaithí iniúchóireachta (iarcháilíochta) a bheith acu, lena n-áirítear eolas agus taithí ar na Caighdeáin Dhomhanda um Iniúchóireacht Inmheánach.
Bainfear úsáid as an bpainéal a bhunófar ón gcomórtas seo chun folúntais a d’fhéadfadh teacht chun cinn d’Iniúchóirí Inmheánacha Dátheangacha (leibhéal an Ardoifi gigh Feidhmiúcháin) i mBaile Átha Cliath, i mBéal an Átha, Co. Mhaigh Eo, nó sna Forbacha, Co. na Gaillimhe, a líonadh.
Tá sonraí uile an phoist, lena n-áirítear riachtanais cháilitheachta ar leith, le fáil ar www.publicjobs.ie
Is é 3i.n. Déardaoin an 23 Iúil 2026 an dáta deireanach ar a nglacfar le hiarratais chomhlíonta.
Tá muid tiomanta do pholasaí comhdheiseanna agus cuireann muid fáilte roimh iarratais faoi na naoi bhforas san Acht um Chomhionannas Fostaíochta.
Contact:
Déan do léiriú suime a chlárú tríd an gcód QR a scanadh.Published:
09/07/2026