Ar mhaith leat difríocht a dhéanamh?
Tá post poiblí ann chuige sin Oifigeach Cléireachais
(líofacht sa Ghaeilge), Gaillimh
Tá Oifigigh Chléireachais atá líofa sa Ghaeilge
á n-earcú anois ag an Roinn Forbartha Tuaithe
agus Pobail agus Gaeltachta agus ag Oifi g an
Choimisinéara Teanga dá n-oifi gí i nGaillimh. Is ról
bunleibhéil sa Státseirbhís é an ról mar Oifi geach
Cléireachais.
Tugann an Roinn Forbartha Tuaithe agus
Pobail agus Gaeltachta tacaíocht do phobail
bhríomhara, ionchuimsitheacha, inbhuanaithe sa
Ghaeltacht agus ar fud na hÉireann agus é mar
phríomhchúramí uirthi acmhainneacht phobail agus
imeascadh sóisialta a neartú, pobail a chumasú
chun dul i ngleic le dúshláin atá rompu agus an
Ghaeilge a chaomhnú agus a chur chun cinn.
Oifi g an Choimisinéara Teanga
Is Oifig Náisiúnta Ombudsman agus Géilliúlachta í
Oifig an Choimisinéara Teanga (OCT) a bunaíodh
faoi scáth Acht na dTeangacha Oifi giúla 2003.
Déanann OCT monatóireacht ar chomhlíontacht
chomhlachtaí poiblí d’fhorálacha Acht na
dTeangacha Oifi giúla (2003 & 2021). Fiosraíonn an
Oifig gearáin i gcásanna ina gcreidtear go bhfuil
teipthe ar chomhlachtaí poiblí cloí leis an Acht agus/nó le haon achtachán eile a bhaineann le stádas nó le húsáid na Gaeilge.
Is féidir leis an ról mar Oifigeach Cléireachais a
bheith éagsúil ag brath ar an eagraíocht, ach tríd is
tríd, is éard a bheidh i gceist leis an ról ná tascanna
cléireachais/riaracháin.
Tá an t-eolas ar fad faoin bpost, lena n-áirítear na
riachtanais cháilitheachta shonracha, le fáil ar
www.publicjobs.ie
Tabhair faoi deara: ní féidir leat an teanga
a roghnaíonn tú agus tú ag tosú ar d’iarratas
a athrú tar éis duit cliceáil ar an gcnaipe
“Déan Iarratas”.
Chun d’iarratas a dhéanamh trí Ghaeilge, cinntigh
go bhfuil tú ar an leagan Gaeilge dár suíomh
gréasáin sula dtéann tú chuig an bhfolúntas ar
mhaith leat cur isteach air, agus cliceáil ar
“Déan Iarratas” chun iarratas a dhéanamh.
Is é 3i.n. Déardaoin an 3 Nollaig 2026 an dáta
deiridh ar a nglacfar le hiarratais chomhlánaithe.
Táimid tiomanta do pholasaí comhdheiseanna agus
cuirimid fáilte roimh iarratais faoi na naoi bhforas
san Acht um Chomhionannas Fostaíochta.
Contact:
Register your interest by scanning the QR codePublished:
19/11/2026